Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Lasairfhíona Ní Chonaola > An Raicín Álainn > Caisleán Gearr
|
Caisleán Gearr |
| Credits : | n/a |
| Appears On : | An Raicín Álainn |
| Language : | Gaeilge (Irish Gaelic) |
| Lyrics : | English Translation : |
| Agus bhí mise oíche faoi Fhéile Bríde | And I was one night on Saint Bridget's Day |
| Ag tórramh thíos is sa gCaisleán Gearr | At a wake down at Castlegar |
| Is ann a dhearc mé an aoileann a dtug mé gnaoi dhi | It is there that I saw a fair maid that I took a liking to |
| Mar bhí sí aoibhinn deas aerach ciúin | For she was enchanting, lovely, happy, serene |
| Ó sí go cinnte a mharaigh m'intinn | Oh it is she who surely confused my mind |
| Agus leá na bhFiann ní leigheasfadh mé | And the finest doctors would not cure me |
| Nó go dtaga an spéirbhean is mo chuislí a fhéachaint | Until the beautiful woman comes and checks my pulse |
| Ba ghearr ina dhiaidh sin go mbheinn níos fearr | It's only then that I would feel better |
| Mar sé fáth mo bhuaireamh nach bhfaighim cead cuartaíocht | Because the reason for my sadness is that I am not allowed to visit |
| Sna gleanntáin uaigneach' ina mbíonn mo ghrá | In the lonely valleys where my love goes |
| Mar tá fear eile ag faire uirthi go ló is go oíche | Because another man is minding her through day and night |
| Agus ag déanamh suas le mo mhuirnín bán | And courting with my fair love |
| Ach dá mbeadh fhios agamsa nach tú bhí i ndán dom | But if I knew that you were not meant for me |
| Ní dhéanfainn gáirí ná súgradh leat | I would not laugh nor play with you |
| 'S go raibh mo chroí istigh chomh dúnta i ngrá leat | And that my heart was so closed in love with you |
| Mar a bhuailfí tairne trí mo chroí isteach | As a nail that would be driven through my heart |
| Nárbh fearr liom an scian a chur trí mo chroí | I would rather put a knife through my heart |
| 'S mé a fhágáil sínte nó go bhfaighinn bás | And for me to be left until I would die |
| Ná bheith do mo dhíbirt i bhfad ó mo mhuintir | Than to be driven far away from my people |
| Mar bheadh sinneán gaoithe ón gCaisleán Gearr | Like a gust of wind blowing from Castlegar |